4 Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
5 Is fearr ceartú os ardná grá faoi cheilt.
6 Créachta gan ghoimh a thugann cara;is iomadúil iad póga eascarad.
7 Is beag ar an sáitheach mil,ach is milis leis an ocrach gach searbh.
8 Is cuma nó éan ar fán óna neadfear atá ar fán óna bhaile.
9 Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.
10 Ná tréig do chara, ná cara d'athar;ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.Is fearr comharsa i mbéal an doraisná deartháir i bhfad ó bhaile.