9 Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.
10 Ná tréig do chara, ná cara d'athar;ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.Is fearr comharsa i mbéal an doraisná deartháir i bhfad ó bhaile.
11 “Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí,le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.
12 Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
13 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir,bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
14 An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine,áireofar é a bheith ag mallachtú.
15 Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí,báirseoir mná;