1 Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;tá an fíréan chomh cróga le leon.
2 Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.
3 An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.
4 Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.