12 Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.
13 Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
14 Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.
15 Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht.
16 An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.
17 An té ar a bhfuil fuil duine eile,beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.
18 Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.