21 Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.
22 An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.
23 An té a cheartaíonn duine eilegheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.
24 An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!”is comrádaí do bhithiúnach é.
25 Spreagann an santach achrainn;an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
26 An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é;ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.
27 An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche;ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.