3 An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.
4 Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.
5 Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
6 Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.
7 Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
8 An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
9 An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí.