5 Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
6 Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.
7 Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
8 An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
9 An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí.
10 An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilctitfidh sé isteach ina chuithe féin.Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.
11 Is críonna é an saibhir, dar leis féin,ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.