1 Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic,agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
2 Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort,blianta breise saoil agus sonas go fial.
3 Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú,ceangail faoi do bhráid iad,agus scríobh ar chláracha do chroí iad.
4 Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan,i láthair Dé agus daoine.
5 Bíodh muinín agat as an Tiarna,agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;