15 Is luachmhaire í na péarlaí,níl ní a shantófá is inchurtha léi.
16 Ina deasláimh tá fad saoil,agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.
17 Bealaí aoibhnis a bealaí,agus níl ina treo ach síocháin.
18 Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe,agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.
19 Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna,agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.
20 Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais,agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.
21 Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht,ná scaoil as do radharc iad.