23 Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol,agus ní bhainfear tuisle as do chosa.
24 Ní bheidh eagla ort i do shuí duit,agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.
25 Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann,ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide;
26 Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra,agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste.
27 A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual ínuair is féidir leat í a chur i ngníomh.
28 Ná habair le do chomharsa: “Imigh leat agus fill arís;tabharfaidh mé duit amarach é” nuair atá sé faoi do láimh.
29 Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan,agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.