27 A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual ínuair is féidir leat í a chur i ngníomh.
28 Ná habair le do chomharsa: “Imigh leat agus fill arís;tabharfaidh mé duit amarach é” nuair atá sé faoi do láimh.
29 Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan,agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.
30 Na déan achrann gan ábharle duine nach ndearna aon dochar duit.
31 Ná bí ag éad le lucht ansmachtaagus ná déan aithris orthu.
32 Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach;is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.
33 Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine,ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.