4 Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan,i láthair Dé agus daoine.
5 Bíodh muinín agat as an Tiarna,agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;
6 Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú,agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.
7 Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí,ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.
8 Beidh sin ina íocshlainte do do cholainnagus ina fhaoiseamh do do chnámha.
9 Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir,agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.
10 Ansin líonfar do sciobóil go béalagus beidh maol ar do dhabhcha le fíon.