2 Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3 Ná caith do neart go léir le mná,ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4 Ní dual do ríthe, a Lamúéil,ní dual do ríthe fíon a ól,ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5 Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.
6 Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7 Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.
8 Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.