21 Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach,mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.
22 Déanann sí a cuilteanna féin,agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.
23 Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach,nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.
24 Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol,agus tugann sí criosanna don cheannaí.
25 Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi,agus ní cás di gáire faoin lá amárach.
26 Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim;agus tá teagasc caoin ar a beola.
27 Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach,ní chaitheann sí bia an díomhaointis.