24 Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol,agus tugann sí criosanna don cheannaí.
25 Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi,agus ní cás di gáire faoin lá amárach.
26 Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim;agus tá teagasc caoin ar a beola.
27 Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach,ní chaitheann sí bia an díomhaointis.
28 Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di;canann a fear céile moladh di:
29 “Rinne mórán ban éachtaí atá le moladhach sáraíonn tusa iad go léir.”
30 Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.