8 Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.
9 Labhair féin! tabhair breith chóir!cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.
10 Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?Is luachmhaire í ná péarlaí.
11 Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
12 Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dóar feadh a saoil.
13 Lorgann sí olann agus líon,agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
14 Is geall le hárthach ceannaí íagus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.