1 Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar;tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
2 Aitheanta córa a thugaim daoibhagus ná tréigigí mo theagasc.
3 Ba mhac mise freisin le hais m'athar,agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.
4 Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt:“Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí;coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.
5 Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint;ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
6 Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú;tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.
7 Tús na heagna, an eagna a ghnothú:faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.