13 Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é;cosain é ós é do bheatha é.
14 Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach;ná siúl bealach na gciontach.
15 Seachain é, ná gabh an treo sin;tabhair cul leis, gabh thairis.
16 Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh;fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;
17 Sí an urchóid is bia acu,agus an lámh láidir an fíon a ólann siad.
18 Tá bealach na bhfíréan mar an láchan,agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
19 Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain;ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.