5 Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint;ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
6 Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú;tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.
7 Tús na heagna, an eagna a ghnothú:faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
8 Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit;tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.
9 Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann,agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”
10 Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra,agus mairfidh tú an céad.
11 Múinfidh mé slí na heagna duit,treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.