8 Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit;tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.
9 Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann,agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”
10 Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra,agus mairfidh tú an céad.
11 Múinfidh mé slí na heagna duit,treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.
12 Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna;nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
13 Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é;cosain é ós é do bheatha é.
14 Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach;ná siúl bealach na gciontach.