14 Táim anois in umar na haimléisei bhfianaise an chomhthionóil go léir.”
15 Ól uisce as do thaiscumar féin,agus fíoruisce as do thobar féin.
16 [Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú,ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna.
17 Fágtar fút féin amháin iad,agus ní faoi strainséirí san am céanna.
18 Go raibh beannacht ar fhoinse do thobair!agus bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phos tú i d'óige,
19 Eilit chórach, fia maisiúil;[bíodh sise mar chuideachta agat;]bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí,agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach.
20 Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú,agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná?