7 Éist liomsa anois, [a mhic],agus ná scar le briathra mo bhéil.
8 Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi;agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,
9 Nó imeoidh d'onóir le daoine eileagus blianta do shaoil le duine gan trócaire,
10 Agus cothófar coimhthígh ar do chuid,rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,
11 Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil,nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;
12 Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht!agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.
13 Níor éist mé le glór mo mháistrí,ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.