1 A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa,má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,
2 Má chuir do chuid cainte i ngreim thú,má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,
3 Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailtós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan:téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.
4 Ná lig codladh ar do shúile,ná suaimhneas ar d'fhabhraí.
5 Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste,nó éan ó láimh an fhoghlaera.
6 A leisceoir, téigh chun an tseangáin;déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.