15 Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.
16 Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,agus is gráin lena chroí seacht gcinn:
17 Súil an uabhair, teanga an éithigh,lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,
18 Croí a bheartaíonn cealga,cosa a bhrostaíonn chun an oilc,
19 Finné bréige ag spalpadh éithigh,agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.
20 A mhic, coinnigh aithne d'athar,agus ná tréig teagasc do mháthar.
21 Teann le do chroí i gcónaí iad,agus ceangail faoi do bhráid iad.