12 Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh,agus ag gach cúinne.
13 Beireann sí greim air agus pógann é,agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:
14 “Bhí íobairtí le hofráil agam,agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.
15 Uime sin tháinig mé amach i do choinne,agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.
16 Chóirigh mé mo leaba le brait,agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
17 Chroith mé miorra, aloes, agus cainéalmar chumhráin ar mo leaba.
18 Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.