15 Uime sin tháinig mé amach i do choinne,agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.
16 Chóirigh mé mo leaba le brait,agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
17 Chroith mé miorra, aloes, agus cainéalmar chumhráin ar mo leaba.
18 Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.
19 Óir níl m'fhear céile sa bhaile,ach é imithe ar aistear fada.
20 Thug sé mála airgid leis;fillfidh sé abhaile leis an lánré.”
21 Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,agus áitíonn air lena plámás séimh.