18 Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.
19 Óir níl m'fhear céile sa bhaile,ach é imithe ar aistear fada.
20 Thug sé mála airgid leis;fillfidh sé abhaile leis an lánré.”
21 Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,agus áitíonn air lena plámás séimh.
22 Leanann sé í de gheit,faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe,Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
23 nó go gcuirfí saighead ina ionathair;Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribegan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
24 Éist liom anois, [a mhic],agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil: