10 Glac le smacht uaimse in áit an airgid,agus le heolas in áit togha an óir.
11 Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí,agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.
12 Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht;aimsím eolas agus éirím;
13 Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas;is liomsa géire intleachta agus cumas.
14 (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;)is fuath liom uabhar, díomas,cosán an oilc agus an béal bréagach.
15 Is tríomsa a rialaíonn ríthe,agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.
16 Is tríomsa a riarann flathaagus a rialaíonn uaisle an domhan.