13 Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas;is liomsa géire intleachta agus cumas.
14 (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;)is fuath liom uabhar, díomas,cosán an oilc agus an béal bréagach.
15 Is tríomsa a rialaíonn ríthe,agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.
16 Is tríomsa a riarann flathaagus a rialaíonn uaisle an domhan.
17 Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom,agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.
18 Tá maoin agus onóir agamsa,saibhreas buan agus conách.
19 Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre,agus mo fhómhar ná togha an airgid.