18 Tá maoin agus onóir agamsa,saibhreas buan agus conách.
19 Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre,agus mo fhómhar ná togha an airgid.
20 Siúlaim i mbealach na fíréantachta,i mbealaí na córa,
21 Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé,agus ag líonadh a dtaiscí.
22 Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
23 I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
24 Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.