2 Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair;ar na cosáin atá a stáitse,
3 Ag na geataí os comhair na cathrach;glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí:
4 “Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara;ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.
5 A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht;agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].
6 Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam;agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.
7 Fógróidh mo bhéal an fhírinne;agus is fuath le mo bheola an urchóid.
8 Is ceart iad briathra uile mo bhéil,níl cor ná cam iontu.