22 Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
23 I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
24 Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
25 Sular cuireadh na sléibhte ina n‑áit,sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
26 Sula ndearna sé talamh nó tír,nó fóid thosaigh an domhain.
27 Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas,agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,
28 Agus ag socrú na scamall lastuas,agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,