1 Tá a teach tógtha ag an Eagna,agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
2 Tá sí tar éis a mairt a mharúa cuid fíona a ullmhú,agus a bord a chóiriú.
3 Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,le glaoch amach ó arda na cathrach:
4 “Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”agus le lucht na díchéille deir sí:
5 “Téanaigí, ithigí mo chuid aráin,agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
6 Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh;siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”