7 An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne;an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.
8 Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort,ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
9 Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós;múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
10 Tús na heagna eagla an Tiarna;agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.
11 Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa,agus cuirfear blianta le fad do shaoil.
12 Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe;más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.
13 Bean ghliogair an óinseach;tá sí leanbaí, aineolach.