1 Déanfaidh an giúistís críonna a phobal a theagasc,agus beidh eagar ar riail an eagnaí.
2 Mar a bhíonn ag an ngiúistís, is mar sin a bhíonn ag a fheidhmeannaigh,mar a bhíonn ag rialtóir na cathrach, is mar sin a bhíonn ag a háitritheoirí go léir.
3 Déanfaidh an rí gan oiliúint a phobal a scriosadh,ach fásfaidh cathair trí thuiscint a flatha.
4 Tá ceannas na cruinne i láimh an Tiarna,agus cuirfidh sé an fear cuí ina feighil in am trátha.
5 Tá séan an duine i láimh an Tiarna,agus bronnann sé a ghlóir ar phearsa an scríobhaí.
6 Ná bí i bhfearg le do chomharsa faoi gach éagóir,agus ná déan beart choíche le teann feirge.