1 Is geall le carraig bhréan fear na leisce,agus bíonn cách ag fonóid faoina aithis.
2 Is geall le cnapán aoiligh fear na leisce;gach duine a bheireann greim air, croitheann sé dá láimh é.
3 Is mór an náire é mac mí-mhúinte a ghiniúint;agus is dochar é breith iníne.
4 Faigheann iníon chiallmhar fear di féin,ach is dólás dá hathair iníon gan náire.
5 Tugann iníon easumhal náire dá hathair agus dá fear céile,agus beidh drochmheas acu araon uirthi.
6 Is cuma nó ceol ag tórramh, eachtra a insint go míthráthúil;ach tá ciall gach tráth le pionós agus le smachtú.
7 (Clann a thógtar i saol fónta, ceileann siad dúchas uiríseal a dtuismitheoirí;
8 Clann atá gan urraim, gan mhúineadh, gan chneastacht,tugann siad masla d'uaisleacht a muintire.)
9 Is cuma a bheith ag teagasc daoi nó a bheith ag dlúthú smidiríní pota le chéile,nó ag dúiseacht duine atá i dtromshuan.
10 Is cuma a bheith ag insint scéil do dhaoi nó do chodlatán:nuair a bheidh deireadh ráite déarfaidh sé: “Céard é sin?”
11 Bí ag caoineadh an mhairbh, mar tá an solas de dhíth air;bí ag caoineadh an daoi, mar tá ciall de dhíth air;ná goil chomh goirt ar an marbh, mar tá sé ar a shuaimhneas;Is measa ná bás beatha daoi.
12 Seacht lá a mhaireann caoineadh an mhairbh,ach caointear an daoi agus an coirpeach ar feadh a saoil.
13 Ná cuir focail amú ar an dúragus fan amach ón bhfear gan éirim;seachain é d'fhonn nach mbeadh trioblóid ort,agus go bhfágfadh sé smál ort agus é ag imeacht leis;fair amach dó agus beidh suaimhneas agat,agus ní chuirfidh a bhaois go deo aon suaitheadh ort.
14 Cad is troime na luaidhe,agus cad eile is ainm dó ach Amadán?
15 Gaineamh, salann, nó cnapán iarainn- nach fusa iad a iompar ná duine dúr?
16 An chearchaill a ghreamaítear i bhfoirgneamh,ní bhogfaidh crith talún é;sé an dála céanna é ag an aigne meáite ar dhea-chomhairle,ní chlisfidh sí in uair na cinniúna.
17 Is cuma croí socair ar chúrsa ciallmharnó plástráil mhaisiúil ar fhalla slíoctha.
18 An fál cuaillí ar an ard,ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na gaoithe;sé an dála céanna é ag croí an daoi,scanraíonn a smaointe féin é,agus ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na heagla.
19 Prioc súil agus sceithfidh deora;prioc croí agus sceithfidh taom.
20 Caith clocha le héanlaith, agus scaipfidh siad le heagla;caith asachán le cara, agus scaipfidh tú an cairdeas.
21 Má nocht tú claíomh in aghaidh do charad,ná bíodh éadóchas ort, mar tá conair fillte ann.
22 Má oscail tú do bhéal i gcoinne do charad,ná bíodh imní ort, bíonn súil le hathchairdeas;ach i gcás asacháin, díomais, sceitheadh rún, buille fill -teithfidh gach cara sna cúinsí sin.
23 Gnóthaigh muinín do chomharsan lá a ghátair,le go ndéanfaidh tú lúcháir leis lá a shéin;bí taobh leis in am a thrioblóide,le go mbeidh tú i bpáirt leis ina oidhreacht.
24 Gabhann gal agus deatach ón sorn sula lasann sé,agus sé an dála céanna é ag maslaí roimh dhoirteadh fola.
25 Ní bheidh náire orm cara a chosaint,ná ní rachaidh mé i bhfolach as a radharc;
26 Má thagann urchóid orm dá bharr,beidh cách a chloisfidh san airdeall air.
27 Cé a chuirfidh garda ar mo theangaagus séala na críonnachta ar mo bheola?le mé a choimeád ó thitim,agus nac scriosfadh mo theanga mé.