1 A Thiarna, a athair agus a mháistir mo bheatha,ná fág mé faoina gcomhairle,agus ná lig dom titim dá mbarr.
2 Cé a imreoidh lasca ar mo smaointe,agus a chuirfidh laincis na heagna ar m'aigne?d'fhonn nach ndéanfaí tláithínteacht liom i m'earráidí,agus nach n‑éalódh aon pheaca liom slán;
3 Le heagla go méadófaí ar líon m'earráidíagus go rachadh mo pheacaí i líonmhaire,agus go dtitfinn os comhair mo naimhdeagus go mbeadh áthas ar m'eascara de mo chionn.
4 A Thiarna, a athair, agus a Dhia mo bheatha,ná tabhair dom súile uaibhreacha,
5 agus cuir ainmhian i leataobh uaim;
6 ná faigheadh craos ná drúis an lámh in uachtar orm,agus ná fág mé faoi anam gan náire.
7 Éistigí, a chlann ó, le teagasc faoin teanga;an té a choimeádfaidh é, ní bhéarfar amuigh air choíche.
8 Titeann an peacach i ngaiste a theanga,agus is ceap tuisle í don aithiseach agus don uaibhreach.
9 Ná téadh do bhéal i dtaithí na mionn,agus na bíodh ainm an Té is Naofa de shíor ar do theanga.
10 An daorán a bhíonn de shíor á fhairení bhíonn sé saor ó riastaí;is é an dála céanna é ag an té a thugann mionna agus a ghlaonn ar an ainm gan stad,ní ghlanfar é ón bpeaca.
11 Líonfar le hurchóid fear tabhartha a lán mionn;ní fhágfaidh an sciúirse a theaghlach;má pheacaíonn sé, fanfaidh a pheaca air;má mhionnaíonn sé gan ábhar, déanfaidh sé peaca faoi dhó;má thugann sé mionn éithigh, ní fhíréanfar é,mar líonfar a theach le hainnise.
12 Tá nós cainte ann ar a bhfuil aibíd an bháis;ná faightear go deo é in oidhreacht Iacóib!fanfaidh an dream diagaithe i bhfad i gcéin uaidhsean,agus ní shiúlfaidh siad go glúine i bpeacaí.
13 Ná tabhair taithí na graostachta agus na gáirsiúlachta do do theanga,mar gabhann caint pheacúil leis an sórt sin.
14 Cuimhnigh ar d'athair agus ar do mháthairnuair a shuíonn tú i measc na bhflatha,le heagla go ndéanfá dearmad os a gcomhair,agus go mbeadh meas amadáin ort de bharr do bhéas;b'fhearr leat ansin nach saolófaí chuige thú,agus chuirfeá mallacht ar lá do bhreithe.
15 An té a bhfuil taithí aige ar asacháin,ní rachaidh múineadh air lena shaol.
16 Cuireann dhá shórt fir le líon na bpeacaí,agus titeann fraoch na feirge ar an tríú sort;
17 An croí a bhíonn á dhó mar thine loiscneachní mhúchfar é nó go gcaitear ar fad é;an té a dhéanann collaíocht lena ghaol folaní rachaidh aon stad air nó go ndófar gach pioc de;is milis leis an adhaltranach gach bia,agus ní rachaidh aon stad air go bás.
18 An té a pheacaíonn in aghaidh leaba a phósta,agus a deir leis féin: “Cé tá ag faire orm?tá an dorchadas i mo thimpeall agus tá na fallaí do mo cheilt;ní fheiceann aon duine mé; cén fáth go mbeadh imní orm?ní thabharfaidh an Té is Airde aon aird ar mo pheacaí.”
19 Súile daoine is eagal leis,ní thuigeann sé go bhfuil súile an Tiarnaníos gile faoina deich ná an ghrian;go mbíonn siad ag faire ar bhealaí uile an duineagus gur léir dóibh fiú na póirsí folaigh.
20 Sular ceapadh an chruinne ba eol dó í go léir;agus b'amhlaidh a bhí tar éis í go léir a chumadh.
21 Cuirfear pionós ar an bhfear seo ar shráideanna na cathrach;agus gabhfar é san áit is lú a mbeidh coinne aige leis.
22 Beidh an scéal céanna ag an mbean a thréigfidh a fearagus a mbeidh oidhre aici le fear eile.
23 Sa chéad áit, ní raibh sí umhal do dhlí an Té is Airde;sa dara háit, rinne sí coir in aghaidh a fir chéile;sa tríú háit, rinne sí adhaltranas trína striapachas,agus ghabh sí clann le fear eile.
24 Tabharfar í féin os comhair an chomhthionóil,agus déanfar iniúchadh ar a clann.
25 Ní chuirfidh a clann fréamhacha síos,ná ní bheidh torthaí ar a craobhacha.
26 Fágfaidh sí a cuimhne faoi mhallacht ina diaidh,agus ní scriosfar a haithis chun siúil.
27 An mhuintir a mhairfidh ina diaidh,beidh a fhios acu nach sáraíonn aon ní eagla an Tiarna,agus nach milse aon ní na cloí le haitheanta an Tiarna.