Síorach 43 ABN

Sa Spéir

1 Maise na firmiminte stua lonrach neimhe,dealramh na spéire ag taitneamh go glórmhar.

2 Ag éirí di fógraíonn an ghrian ag cur chun bealaigh:“Is iontach an t‑éacht é saothar an té is Airde!”

3 Um mheán lae loisceann sí an talamh,agus cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh a bladhma.

4 Ní mór don té atá ag freastal ar shorn oibriú i dteas loiscneach,ach dónn an ghrian na sléibhte a thrí oiread sin;séideann sí soinneáin tine,agus dallann sí na súile le gathanna geala.

5 Is mór é an Tiarna a rinne í,agus siúd ar a cúrsa í le hordú uaidh.

6 Rinne sé an ghealach freisin, nach ndéanann faillí ar a trátha,leis na míonna a mharcáil agus le bheith ina comhartha síoraí.

7 An ghealach, an lóchrann a théann ar gcúl tar éis a láin,is í is comhartha do na féilte.

8 Is uaithi a fhaigheann an mhí a hainm [san Eabhrais],agus is éachtach mar a thagann inti ina réim;brat sluaite na spéire í,agus í ag taitneamh i stua na spéire.

9 Glóir na réaltaí maise neimhe,cóiriú glioscarnach in arda an Tiarna.

10 Trí bhriathra an Neach Naofa, seasann siad mar a ordaíodh;ní dhéanann siad choíche faillí ina bhfaire.

11 Féach an bogha sine, agus mol an té a rinne é;is ró-alainn é le barr gile.

12 Gabhann a stua glórmhar trasna na spéire;lámha an té is Airde is iad a tharraing é.

Ar Talamh

13 Seolann sé an sneachta le hordú a bhéilagus brostaíonn sé tintreacha a bhreithiúnais.

14 Bíonn a stórais ar leathadh ar an gcuma chéannaagus eitlíonn na scamaill leo ar nós na n‑éan.

15 Déanann sé na scamaill a chruachadh le teann nirt,agus bristear na clocha sneachta ina smidiríní.

16 Critheann na sléibhte arna fheiceáil,agus séideann an ghaoth aneas le hordú uaidh.

17 Cuireann búirtheach a thoirní scáth ar an talamh,agus is é an scéal céanna é ag an stoirm aduaidh agus ag an gcamfheothan;

18 Scaipeann sé an sneachta ar nós na n‑éan ag tuirlingt,agus anuas leis ar nós na lócaistí ag titim;déanann an tsúil ionadh de mhaise a ghile,agus cuireann sé alltacht ar an gcroí ag titim.

19 Caitheann sé an sioc liath ar an talamh dála an ghainimh,agus nuair a reonn sé bíonn bior air mar dhealg.

20 Séideann an ghaoth fhuar aduaidh,agus leathann an sioc ar an uisce;luíonn sé ar gach linn uisce,agus cuireann an t‑uisce uime é mar lúireach.

21 Slugann sé na sléibhte agus loisceann an díthreabh;agus feonn sé na fáis mar a dhéanfadh tine.

22 Is gearr an mhoill ar an gceo gach ní a leigheas,agus nuair a thagann an drúcht cneasaíonn sé deasca an bhrothaill.

23 Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán,agus phlandaigh oileáin air.

24 Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha,agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas.

25 Mar tá iontais agus éachtaí inti,gach sórt ainmhí agus míola móra mara.

26 Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart],agus trína bhriathar a chothaítear gach ní.

27 Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite;lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.”

28 Cá bhfaighimid neart lena mholadh?Mar is mó é ná a oibreacha go léir.

29 Is scanrúil é an Tiarna agus is ábhalmhór;agus is éachtach í a chumhacht.

30 Molaigí an Tiarna, agus móraigí é,go barr bhur gcumais, ach sáróidh sé fiú an méid sin;déanaigí bhur ndícheall á mhóradh;ná tagadh tuirse oraibh, mar ní bheidh deireadh agaibh choíche.

31 Cé chonaic é le tuairisc a thabhairt air?Cé ar féidir dó é a ghlóiriú mar is dual?

32 Is iomaí rúndiamhar is mó fós atá i bhfolach,mar ní fhacamar ach beagán dá oibreacha.

33 Mar rinne an Tiarna féin an uile níagus thug sé eagna do na fíréin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51