1 An té a mhaireann go síoraí is é a rinne an uile ní.
2 Sé an Tiarna amháin a fhógrófar cóir;(agus níl aon neach eile ann ach é.
3 Stiúrann sé an chruinne le cor dá láimh, agus géilleann gach ní dá thoil;is rí é ar an uile ní agus scarann sé an naofa ón gcoitianta ina measc lena chumhacht.)
4 Níor thug sé cumhacht d'aon duine a éachtaí a fhógairt;agus cé ar féidir leis a fhearta a spiúnadh?
5 Cé ar féidir leis a chumhacht mhaorga a thomhas?agus cé ar féidir leis dul ar aghaidh agus bearta a thrócaire go léir a ríomhadh?
6 Ní féidir baint uathu, ná cur leo,ná ní féidir iontais an Tiarna a rianadh.
7 Nuair a bheidh deireadh déanta ag duine, níl sé ach ag tosú;nuair a stadfaidh sé, beidh sé fós i bponc.
8 Céard é an duine, agus cén tairbhe é?Cad is maith dó? agus cad is olc?
9 Is fada é ré an duinemá shroicheann sé céad bliain.
10 Ar aon dul le braon ó uisce na farraige, nó gráinne gainimh,sin mar atá ag beagán blianta seachas an tsíoraíocht.
11 Uime sin tá an Tiarna foighneach leo,agus doirteann sé a thrócaire orthu;
12 Chonaic sé agus tá a fhios aige go mbeidh droch-chríoch orthu;uime sin maitheann sé dóibh go fial.
13 Bíonn trua ag an duine dá chomharsa,ach bíonn trua ag an Tiarna don uile dhúil bheo;smachtaíonn sé oileann, tugann teagasc,agus seolann sé ar ais iad mar a dhéanfadh aoire a thréad.
14 Déanann sé trócaire orthu siúd a ghlacann lena smacht,agus a bhíonn ag tnúth lena bhreitheanna.
15 A mhic, ná cuir ceartú mar eireaball le dhea-bhearta,ná briathra géara le haon tabhartas.
16 Ná déanann an drúcht an brothall a mhaolú?mar sin is fearr focal ná tabhartas.
17 Agus féach, nach fearr focal ná bronntanas maith?ach tá siad araon le fáil ón bhfear gnaíúil.
18 Bíonn an t‑amadán tuathalach maslaitheach;agus déanann tabhartas an doicheallaigh na súile a chiapadh.
19 Foghlaim sula labhraíonn tú,agus tabhair aire do do shláinte sula mbuailtear tinn thú.
20 Déan tú féin a iniúchadh roimh an mbreithiúnas,agus in uain an fhiosraithe gheobhaidh tú maithiúnas.
21 Roimh éirí tinn duit, umhlaigh thú féin;nuair a bhíonn tú ar tí peaca, cas ar ais.
22 Ná déanadh aon ní thú a chosc ó mhóid a chomhlíonadh i dtráth,agus ná fan go bás le bheith saor uaithi.
23 Roimh móid a ghlacadh, ullmhaigh thú féin,agus ná bí mar fhear atá ag promhadh an Tiarna.
24 Cuimhnigh ar a fhearg sna laethanta deiridh,ar uain an díoltais, nuair a iompóidh sé a aghaidh i leataobh;
25 In am na flúirse, cuimhnigh ar am an ghorta;agus ar bhochtaine agus ar ghannchúis i laethanta na maoine.
26 Sleamhnaíonn an t‑am ar aghaidh ó mhaidin go trathnóna;bíonn luas faoi gach ní i láthair an Tiarna.
27 Bíonn an duine eagnaí cáiréiseach i ngach gnó,agus i laethanta an pheaca bíonn sé ar a fhaire in aghaidh na coiriúlachta.
28 Tá aithne ag gach saoi ar an eagna,agus molann sé an té a fhaigheann greim uirthi.
29 An mhuintir a thuigeann seanfhocail éiríonn siad féin eagnaí,agus sceitheann nathanna cuí uathu féin.
30 Ná lean d'ainmhianta féin,ach cuir smacht ar do mhianta.
31 Má ligeann tú duit féin sásamh a bhaint as do mhiangais,déanfaidh sin ceap magaidh díot ag do naimhde.
32 Ná caith do shaol le lucht sócamais,le heagla go rachfá i ngreim sa sórt sin cuideachta.
33 Ná déan bochtán díot féin le cóisireacht ar airgead iasachta,agus gan aon ní agat i do sparán.