Síorach 20 ABN

Tost

1 Tá an ceartú míthráthúil ann,agus an duine ciúin ann atá ciallmhar freisin.

2 Nach fearr go mór ceartú a dhéanamh ná fanacht i bhfearg!an té a admhaíonn a locht, cosnaítear ar an olc é.

3 (Nach breá é aithrí a dhéanamh go follas nuair a cheartaítear thú,mar ansin seachnóidh tú peaca d'aontoisc.)

4 Is geall le coillteán ag tnúth le maighdean a mhilleadh,an té a bhíonn ag cur a cháis in iúl le láimh láidir.

5 Bíonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann sé cáil na heagna;bíonn duine eile béalscaoilteach, agus tugtar fuath dó.

6 Fanann duine ina thost mar nach mbíonn freagra aige;fanann duine eile ina thost mar go mbíonn fios na faille aige.

7 Fanfaidh an saoi ina thost nó go dtaga a uain;ach an bladhgaire baoth, ní aimsíonn sé an uain cheart.

8 Beidh an ghráin ar an té a bhíonn róchainteach,agus tabharfar fuath don té a théann thar fóir le caint.

Seo agus Siúd

9 Bíonn duine ann ar a dtagann an rath agus é faoi bhráca;agus is féidir d'fháltas gan choinne dul chun dochair.

10 Bíonn tabhartas nach dtéann chun sochair,agus ceann eile ar a mbíonn toradh faoi dhó.

11 Bíonn dochar ann de bhíthin glóíre,agus bíonn daoine a fhaigheann ardú cinn ó lár na hainnise.

12 Bíonn fear ann a cheannaíonn a lán ar an mbeagán,ach a dhíolann as faoi seacht.

13 Tuilleann an saoi cion de bharr a chuid cainte,ach téann comaoin na ndaoithe amú.

14 Ní rachaidh tabhartas an amadáin chun tairbhe duit,óir tá mórchuid súl aige in áit an aoin.

15 Is beag a bhronnann sé ach is mór a cháineann;bíonn a chlab ar leathadh dála an challaire;tugann sé iasacht inniu, agus éilíonn í ar ais amárach;duine gránna a leithéid.

16 Déarfaidh an daoi: “Níl cara agam,agus níl aon bhuíochas orm de bharr mo dheabhearta;

17 An mhuintir a itheann [mo] chuid aráin, tá teanga shuarach acu”;nach iomaí duine a dhéanann fonóid faoi, agus nach minic!

Caint Bhaoth

18 Is fearr tuisle ar an tsráid ná tuaiplis ar an teanga;mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch-dhaoine gan mhoill.

19 Fear tútach, is cuma é nó scéal á insint in antráth,agus á reacadh gan stad ag aineolaigh.

20 Faigheann seanfhocal ó bhéal daoi an diúltú,mar nach san uain cheart a deir sé é.

21 An té a gcoisceann an bhochtaine air peaca a dhéanamh,ní bhíonn aon bhuaireamh aigne air nuair a ligeann sé a scíth.

22 An té a ídíonn é féin le barr náire,déanann sé amhlaidh ar son tuairim duine bhaoth.

23 An té a thugann gealltanas do chara trí náire,déanann sé namhaid dó féin in aisce.

Éitheach

24 Máchail ghránna ar dhuine an t‑éitheachach bíonn sé i gcónaí ar bhéal na n‑ainbhiosán.

25 Is fearr gadaí ná bréagaire buan;ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.

26 Is gránna é nós an bhréagaire,agus ní scarann a náire leis go brách.

An Saoi

27 Cuireann an saoi é féin chun cinn lena bhriathra;tabharfaidh an duine ciallmhar taitneamh do fhlatha.

28 An té a shaothraíonn an talamh, beidh fómhar fial aige; 29 agus an té a thugann taitneamh do fhlatha, maithfear a choir dó.

29 Déanann bronntanais agus tabhartais súile na saoithe a dhalladh,agus múchann siad gearáin mar a dhéanfadh pusachán.

30 Eagna faoi cheilt nó ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

31 Is fearr an té a cheileann a bhaoisná an té a cheileann a ghaois.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51