Síorach 12 ABN

Rialacha

1 Má chuireann tú comaoin ar dhuine, faigh amach cé hé,agus beifear buíoch duit ar son do bheart fónta.

2 Cuir comaoin ar an bhfíréan, agus gheobhaidh tú luach saothair,agus mura bhfaighidh tú uaidhsean é, gheobhaidh tú ón Té is Airde go cinnte.

3 Níl aon mhaith i ndán don té a chloíonn leis an olc,ná don té nach dtugann déirc.

4 Tabhair don fhíréan, ach ná téigh i gcabhair ar an bpeacach.

5 Déan an mhaith don duine uiríseal,ach ná tabhair aon ní don éagráifeach;diúltaigh a chuid aráin dó agus ná tabhair dó é,le heagla go gcloífeadh sé thú dá bharr;óir gheobhaidh tú an t‑olc ar ais faoi dhómar chúiteamh ar a ndéanann tú de mhaith dó.

6 Óir is gráin leis an té is Airde na peacaigh,agus déanfaidh sé díoltas a imirt ar na heágráifigh.

7 Tabhair don fhear maith, ach ná cabhraigh leis an bpeacach.

Cairde

8 Ní aithneofar cara fíor in am an tséin,ná ní cheilfear namhaid in am an ghátair.

9 Nuair a bhíonn ag rith le duine, bíonn a naimhde go duairc;nuair a bhíonn an scéal go hainnis aige, déanfaidh fiú a chara é a sheachaint.

10 Ná bíodh muinín agat go brách as do namhaid,óir tagann smál ar a choirpeacht dála an chopair.

11 Fiú má umhlaíonn sé é féin agus dul ag lútáil thart,fair amach duit féin, agus seachain thú féin air;deileáil leis dála an té a chuir snas ar scáthán,agus beidh a fhios agat nach mairfidh an smál air go brách.

12 Ná cuir ina sheasamh taobh leat é,le heagla go leagfadh sé ar lár thú agus d'áit a thógáil;ná cuir ina shuí ar do dheis é,le heagla go rachadh sé sa tóir ar do shuíochán féin,agus tuigfidh tú faoi dheireadh brí mo bhriathra,agus braithfidh tú an chealg i mo chuid cainte.

13 Cé ag a mbeadh trua don mhealltóir nathrach a bhfaigheadh an nathair greim air?nó don mhuintir a théann sa seans le hainmhithe allta?

14 Sé an scéal céanna é ag an té a thaithíonn an peacach,agus a bhíonn páirteach ina pheacaí.

15 Fanfaidh sé leat go fóill,ach má bhaintear tuisle asat, ní sheasóidh sé leat.

16 Beidh mil ar a bheola ag an namhaid,ach ina chroí beidh sé á bheartú thú a chaitheamh sa díog;beidh deora ina shúile ag an namhaid,ach má fhaigheann sé faill, ní shásóidh fuil féin é.

17 Má thagann mí-ádh ort, gheobhaidh tú ansiúd romhat é;beidh sé ag cabhrú leat mar dhea,ach cor coise a thabharfaidh sé duit.

18 Croithfidh sé a cheann agus buailfidh sé a bhosa;beidh a lán cogarnaíola aige, agus cuirfidh sé guthaí de.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51