Síorach 17 ABN

1 Chruthaigh an Tiarna an duine as an talamh,agus chas sé ar ais uirthi é.

2 Thug sé an áirithe sin laethanta dóibh mar théarma saoil,agus thug sé údarás dóibh ar a raibh ar talamh.

3 Bhronn sé neart orthu mar a neart féinagus rinne sé iad de réir a dheilbhe féin.

4 Thug sé ar gach ní beo eagla a ghlacadh rompu,agus rinne sé máistrí díobh ar bheithígh agus ar éanlaith.

5 (Fuair siad feidhm na gcúig chumhacht ón Tiarna, agus, mar shéú ceann,roinnt den intleacht, agus, mar sheachtú, an réasún a mhíníonn a chumhachtaí.)

6 Dhealbhaigh sé béal, teanga, súile agus cluasa dóibhagus croí chun machnamh a dhéanamh.

7 Líon sé iad le heolas agus le tuiscintagus thaispeáin sé dóibh an mhaith agus an t‑olc.

8 Chuir sé a sholas féin ina gcroí,chun mórgacht a oibreacha féin a léiriú dóibh.

9 (Chuir sé ar a gcumas a éachtaí féin a ghlóiriú go brách.)

10 Molfaidh siad a ainm naofachun a chuid gníomhartha glórmhara a fhógairt don saol.

11 Bhronn sé orthu bua na tuisceana,agus thug sé dlí na beatha dóibh mar oidhreacht.

12 Rinne sé conradh síoraí leo,agus d'fhoilsigh sé dóibh a bhreitheanna.

13 Chonaic a súile a mhórgacht ghlórmhar,agus chuala a gcluasa glóir a ghutha.

14 Dúirt sé leo: “Seachnaígí an uile shaghas urchóide”;agus thug sé aithne do gach duine díobh i dtaobh a chomharsan.

Dia an Breitheamh

15 Bíonn a mbealaí i gcónaí os a chomhair;ní cheilfear óna shúile iad.

16 (Tá a mbealaí ag seoladh chun na hurchóide óna n‑óige;ní féidir leo an croí cloiche úd a mhalartú ar chroí feola;

17 Óir, ag roinnt ciníocha na cruinne dó) cheap sé rialtóir ar gach cine;ach sé Iosrael cuid an Tiarna féin.

18 (Sé a chéadghin é, a oileann sé le smacht,ar a mbronnann sé solas a ghrá gan é a threigean.)

19 Tá a n‑oibreacha go léir ar nós na gréine os a chomhair,agus tá a shúile de shíor ar a slite.

20 Níl a gcionta i bhfolach uaidh,tá a bpeacaí go léir os comhair an Tiarna.

21 (Is maith é an Tiarna, agus is eol dó a chréatúirí;ní dhéanann sé iad a scriosadh ná a thréigean, ach iad a choigilt.)

22 Is cuma déirc duine nó fáinne séala os comhair [an Tiarna];déanann sé féile duine a chaomhnú mar mhac imreasan a shúl.

23 Éireoidh sé ina dhiaidh seo agus déanfaidh sé aisíoc leo;tabharfaidh sé luach a saothair sa mhullach orthu.

24 Ligeann [Dia] do lucht na haithrí filleadh air,agus cuireann sé misneach ar na daoine a bhfuil a ndóchas ag meath.

Aithrí

25 Iompaigh chun an Tiarna agus fág do pheacaí i do dhiaidh;guigh os a chomhair agus laghdaigh do choir.

26 Fill ar ais ar an Té is Airde agus tabhair do chúl leis an urchóid,agus bíodh an dearg-ghráin agat ar an ngráiniúlacht.

27 Cé chanfaidh moltaí don Té is Airde i Seólmura ndéanann na beo é a thugann glóir dó?

28 Ní mó an moladh a fhaightear ó na mairbh ná ó dhaoine nach bhfuil ann chor ar bith.Is é an duine beo folláin ar féidir leis an Tiarna a mholadh.

29 Nach mór é trócaire an Tiarna,agus an maithiúnas a thugann sé dóibh siúd a iompaíonn chuige.

30 Ní féidir gach ní a bheith ag an duine,mar níl mac an duine dobhásaithe.

31 Céard is gile ná an ghrian? Ach tagann urú uirthi;ní bhíonn fuil agus feoil ag machnamh ach ar an olc.

32 Déanann sé sluaite na spéire thuas a iniúchadh;níl ach cré agus luaithreach sa chine daonna go léir.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51