1 An ndearna tú peaca a mhic? Ná déan amhlaidh arís,ach bí ag guí faoina bhfuil déanta agat.
2 Teith ón bpeaca mar a dhéanfá ó nathair nimhemá théann tú ina ghaire, béarfaidh sé ort;tá a fhiacla mar fhiacla leoin,agus stollann siad an t‑anam as daoine.
3 Tá gach aindleathacht mar chlaíomh dhá fhaobhar,agus níl leigheas ar a créacht.
4 Déanann scanradh agus dásacht maoin a scriosadh;agus mar sin a scriosfar teach an uaibhrigh.
5 Téann guí an bhoicht óna bheola caol díreach go cluasa [Dé],agus tagann a bhreithiúnas gan mhoill.
6 An té ar fuath leis ceartú, siúlfaidh sé i rian an pheacaigh;ach an té arb eagal leis an Tiarna, déanfaidh sé aithrí ina chroí.
7 An té a bhfuil cumas teanga aige, tá aithne air i gcéin;ach tugann an duine tuisceanach faoi deara nuair a dhéanann sé dearmad.
8 An té a thógann a theach le hairgead daoine eile,is cuma é nó fear a bhailíonn clocha dá [thuama féin].
9 Is cuma comhthionól na gcoirpeach nó barrach ina charn;bladhm thine an chríoch a bheidh orthu.
10 Tá bealach na bpeacach slíoctha le clocha,ach ag a dheireadh tá cuithe Sheól.
11 An té a choinníonn an dlí, beidh smacht aige ar a mhianta;sí an eagna buaic eagla an Tiarna.
12 An té atá gan éirim, ní féidir é a mhúineadh,ach tá éirim ann a mhéadaíonn an seirfean.
13 Rachaidh eolas an eagnaí i méid mar thuile,agus a chomhairle mar thobar beo.
14 Tá croí an amadáin mar chrúsca briste,agus ní fhanfaidh aon eolas ann.
15 Má chloiseann fear tuisceanach caint chiallmhar,molfaidh sé í agus cuirfidh sé léi;má chloiseann macnasaí í, ní thaitneoidh sí leisagus caithfidh sé laistiar dá dhroim í.
16 Tá tuairisc an amadáin mar ualach ar aistear,ach is solas é éisteacht le duine éirimiúil.
17 Beifear ag tnúth go géar sa chomhthionól le focail an duine chliste,agus déanfar a chuid cainte a mheá ó chroí.
18 Is cuma nó fothrach tí an eagna don daoi;agus níl in eolas an bhaotháin ach giofaireacht gan éifeacht.
19 Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa,nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.
20 Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha,ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.
21 Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach,nó bráisléad ar a láimh dheas.
22 Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach,ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.
23 Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteachach seasann an duine múinte lasmuigh.
24 Mímhúineadh is ea a bheith ag cúléisteacht ag doras;chuirfeadh a leithéid náire ar dhuine tuisceanach.
25 Beidh focail daoine eile ar a mbéal [ag lucht na cúlchainte],déanfar focail lucht na tuisceana a mheá go cruinn.
26 Tá aigne na n‑amadán ina mbéal;agus tá smaointe na saoithe ar a mbeola.
27 Nuair a chuireann an t‑éagráifeach mallacht ar a [namhaid],cuireann sé mallacht ar a anam féin.
28 Déanann an béadánaí é féin a tháiriú,agus tugann a chomharsa fuath dó.