Síorach 9 ABN

Mná

1 Ná bíodh éad ort le do chéile cumainn,agus ná múin droch-cheacht di a ghoillfeadh ort féin.

2 Ná taobhaigh thú féin le bean,le go mbuailfeadh sí cos ar do neart.

3 Ná taithigh meirdreach,le heagla go dtitfeá ina líon.

4 Ná bíodh caidreamh agat ar amhránaí mná,le heagla go rachfá i ngreim ina gaistí.

5 Ná stán ar mhaighdean,le heagla go mbainfí tuisle asat agus go mbeifeá páirteach ina cuid pionós.

6 Ná lig do chroí le striapacha,le heagla go gcaillfeá d'oidhreacht.

7 Ná bí ag gliúcaíl timpeall i sráideanna cathrach,ná ag maingeáil ina póirsí tréigthe.

8 Claon do shúil ó bhean sciamhach,agus ná stán ar mhaise nach leat;chuir maise mhná a lán ar seachrán,agus déanann sí mian a adhaint mar thine.

9 Ná suigh chun boird le bean duine eile,agus seachain carús fíona ina cuibhreann,le heagla go meallfaí do chroí léiagus go sciobfaí chun díthe thú le teann dúthrachta.

Fir

10 Ná tréig seanchara,mar níl dul ag an gcara nua air;cara nua nó fíon nua -nuair a rachaidh sé in aois, ólfaidh tú é le fonn.

11 Ná maígh a ghlóir ar an bpeacachmar ní eol duit cén chríoch a bheidh air.

12 Ná bain aoibhneas as an ní is gean leis na héagráifigh;cuimhnigh nach rachaidh siad chun na huaighe gan chiontacht.

13 Fan siar ón té a bhfuil cumhacht ar bhás is ar bheatha aige,agus ní chuirfidh eagla an bháis aon imní ort;má théann tú ina ghaire, ná cuir cos amú,le heagla go gcaillfeá d'anam leis;bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag siúl i measc na ngaistí,agus ag faoileáil ar fhorbhallaí na cathrach.

14 Tabhair buille faoi thuairim i dtaobh do chomharsana, mar is fearr is féidir duit,agus téigh i gcomhairle le lucht na heagna.

15 Bíodh do chomhrá le daoine tuisceanacha,agus bíodh do phlé faoi dhlí an Té is Airde.

16 Bíodh daoine córa ag suí chun boird leat,agus bíodh eagla an Tiarna agat mar ábhar mórtais.

17 Molfar obair de bharr chumas lámh na gceardaithe,ach is ina bhriathra a thaispeántar gaois cheannasaí an phobail.

18 Tá eagla roimh an duine béalscaoilteach ina bhaile féin,agus beidh an ghráin ar an té atá gan srian ar a theanga.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51