1 An té a chuirfidh a lámh ar an bpic, saileofar é;an té a mbíonn caidreamh aige ar an uaibhreach, éireoidh sé cosúil leis.
2 Ná hiompair ualach atá róthrom duit,agus ná taithigh duine níos cumhachtaí ná níos saibhre ná thú;cén gnó atá ag an bpota cré le taobh an choire iarainn?buailfidh an coire ina choinne, agus brísfear é.
3 Déanann an duine saibhir éagóir, agus caitheann asacháin de bhreis air sin;déantar éagóir ar an mbochtán, agus gabhann sé leithscéal.
4 Má bhíonn aon tairbhe ionat, bainfidh sé feidhm asat;munar féidir leat coinneáil suas leis, fágfaidh sé ansin thú.
5 Má tá rud agat, mairfidh sé farat;déanfaidh sé do chuid a ídiú, ach ní chuirfidh sin mairg air.
6 An bhfuil gá aige leat? - cuirfidh sé an dallamullóg ort;déanfaidh sé gáire leat agus ardóidh do dhóchas,agus labhróidh go séimh leat agus déarfaidh: “Cad ab áil leat?”
7 Cuirfidh sé náire ort lena bhéilí,nó go lomfaidh sé thú faoi dhó nó faoi thrí,agus thiar ó dheireadh déanfaidh sé ceap magaidh díot;má leagann sé súil ort ina dhiaidh sin, déanfaidh sé neamhaird díot,agus croithfidh sé a cheann i do thaobh.
8 Seachain agus ná cuirtear dallamullóg ort;agus ná náirítear thú de bharr d'éagantachta.
9 Nuair a thugann duine mór le rá cuireadh duit, tóg go réidh é,agus is móide a dhéanfaidh sé a chuireadh a thathant ort.
10 Ná sáigh thú féin chun cinn agus ná brúitear i leataobh thú;ná fan as an tslí le nach ndéanfar faillí ort.
11 Ná lig ort gurb ionann tú agus é,agus ná geill do thuile a bhriathra;níl ina chaint go léir ach é do do thriail d'aon ghnó,agus ar chúl a gháire níl sé ach do do thomhas.
12 Is duine gan taise an duine béalscaoilteach,ní chosnóidh sé thú ar phian ná ar chuibhreacha.
13 Bí ag breith chugat féin agus ar d'fhaire go géar,óir tá tú ag gabháil timpeall le do thubaiste féin!
14 (Nuair a chloiseann tú an méid sin, múscail as do shuan;bíodh grá agat don Tiarna i gcaitheamh do shaoil, agus glaoigh air chun do shlánaithe.)
15 Bíonn grá ag gach dúil bheo dá sort féin,agus ag gach duine dá chomharsa;
16 Bíonn caidreamh ag gach ainmhí beo ar a chineál féin;agus cloíonn gach duine lena leithéid féin.
17 Cén cumann atá ag an mac tíre leis an uan?- is é an dála céanna é ag an bpeacach agus an fíréan.
18 Cén tsíocháin is féidir a bheith idir an faolchú agus an madra?agus cén tsíocháin is féidir a bheith idir an bocht agus an saibhir?
19 Bíonn na hasail fhiáine mar sheilg ag na leoin san fhásach,mar an gcéanna a bhíonn na boicht á bhfiach ag lucht an tsaibhris.
20 Is gráin leis an uaibhreach an umhlaíocht,agus is gráin leis an saibhir an bocht sa tslí chéanna.
21 Nuair a bhaintear tuisle as an duine saibhir, faigheann sé taca óna chairde;nuair a leagtar an bochtán, brúnn a chairde as an tslí é.
22 Nuair a shleamhnaíonn an fear saibhír bíonn a lán réidh le breith air;nuair a labhraíonn sé ráiméis, déanann siad é a chosaint;nuair a shleamhnaíonn an bochtán, cuirtear milleán air;fág go labhraíonn sé le ciall, ní thugtar áit dó.
23 Labhraíodh an duine saibhir, agus bíonn cách ina dtost,agus molann siad a chaint go hard na spéire;labhraíodh an duine bocht, agus deir cách: “Cé hé siúd?”agus má bhaintear tuisle as, buailtear cos air.
24 Is maith é an saibhreas mura bhfuil peaca ag dul leis;agus is olc é an bochtanas dar leis an éagráifeach.
25 Téann croí an duine i bhfeidhm ar a ghnúis,cibé acu chun feabhais nó chun donais é.
26 Comhartha croí shona is ea gnúis lúcháireach;ní obair gan dua seanfhocail a chumadh.