Síorach 44 ABN

I Stair na bPatrarc

1 Molaimis anois fir chailiúla,na sinsir a bhí againn ó aois go haois.

2 [Thug] an Tiarna glóir mhór dóibh;tríothu a d'fhoilsigh sé a mhórgacht riamh anall.

3 Bhí ardfhlaitheas ag cuid acu ar a ríochtaíagus thuill siad clú de bharr a gcumais;bhí comhairleoirí críonna ina measc freisin,a thug oracail fháidhiúla uathu,

4 Agus fir a thug treoir don phobal lena moltaí,de thoradh a dtuisceana ar léann a muintire,agus le briathra ciallmhara a dteagaisc.

5 Bhí cuid acu ina gcumadóirí ceolta binne,agus bhreacaidís laoithe ar phár.

6 Fir shaibhre chumhachtacha ab ea cuid eile fós acu,a chaith a saol go síochánta ina n‑áitribh féin.

7 Thugadh lucht a gcomhaimsire ómós do na fir seo uile,agus ba mhór é a gclú lena ré.

8 D'fhág cuid acu dea-cháil ina ndiaidh,sa chaoi go moltar go haer iad go fóill.

9 Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois,a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann;tá siad faoi mar nár rugadh riamh iadagus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh.

10 Ach fir dhiaganta ab ea na fir seo leanas,nach ndearnadh dearmad ar a ndea-oibreacha riamh.

11 Mairfidh a gconách ag a sliocht,agus a n‑oidhreacht [ag sliocht a sleachta].

12 Seasann a sliocht leis na conarthaí,agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith.

13 Mairfidh a sliocht go brách,agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir.

14 Cuireadh a gcoirp faoi shuan san úir,ach maireann a gcáil ó ghlúin go glúin.

15 Fógróidh na ciníocha a gcuid eagnaíochta,agus déanfaidh an comhthionól iad a mholadh go hard.

16 Bhí gnaoi an Tiarna ar Eineoc agus tógadh in airde é,sampla aithrí do na glúine go léir.

17 Fuarthas Naoi foirfe gan cháim;in uain na feirge rinneadh de an [ceap];trídsean a caomhnaíodh iarmhar ar talamhnuair a tháinig an díle.

18 Rinneadh conarthaí síoraí leis,nach scriosfaí an uile fheoil le díle go brách arís.

19 Ba athair mhórán ciníocha é Abrahám,agus ní bhfuarthas aon duine mar é i nglóir.

20 Chomhlíon sé dlí an té is Airde,agus chuaigh i gceangal conartha leis;dhaingnigh sé an conradh ina fheoil féin,agus nuair a promhadh é, chruthaigh sé dílis.

21 Uime sin gheall an Tiarna de bhrí na mionngo mbeannófaí na ciníocha ina shíol;go gcuirfeadh sé an rath air mar luaithreach na talún,go mórfadh sé a shliocht dála na réaltaí,go dtabharfadh sé an talamh mar oidhreacht dóibhó mhuir go muir,agus ón abhainn go críocha na cruinne.

22 Thug sé an gheallúint chéanna d'Íosác,ar son a athar Abrahám.

23 Chuir sé beannacht an uile dhuine agus an conradhag lonnú ar cheann Iacóib;thug sé aitheantas dó lena bheannachtaí,agus thug dó [an talamh] mar oidhreacht;roinn sé é ina chodanna,agus dháil sé é ar an dá threibh déag.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51