1 Is iomaí duine a rinne peaca ar son [brabúis];an té ar mian leis a bheith saibhir, ní foláir dó [a bheith bómanta].
2 Faigheann cuaille greim daingean i scoilt idir carraigeacha;déanann an peaca ding de féin idir díol agus ceannach.
3 Mura gcloíonn duine go díograiseach le heagla an Tiarna,ní fada an mhoill ar a theaghlach titim óna chéile.
4 Nuair a chroitear an criathar fágtar an dramhaíl ann;mar an gcéanna feictear lochtanna an duine trí bhíthin a chuid cainte.
5 Tástálann an sorn soithí an photaire;agus triailtear an duine trí bhíthin a chomhrá.
6 Taispeánann toradh an chrainn an aire a tugadh dó;mar an gcéanna taispeánann briathra an duine claonta a chroí.
7 Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige;óir is mar sin a dhéantar é a thástáil.
8 Má théann tú sa tóir ar an gcóir, déanfaidh tú í a ghnóthú,agus a chaitheamh mar fhallaing ghlórmhar.
9 Aithníonn ciaróg ciaróg eile,agus filleann an fhírinne ar lucht a cleachtaithe.
10 Déanann an leon luíochán ar a chreach,agus sa tslí chéanna an peaca ar lucht déanta an oilc.
11 Is críonna i gcónaí í caint an duine chráifigh,ach tá an t‑éaganta chomh guagach leis an ngealach.
12 I measc na ndúr duit, bí ag faire na faille,ach fan bog i measc na dtuisceanach.
13 Is gránna í caint na n‑amadán,agus is ragairneach peacúil é a ngáire.
14 Chuirfeadh caint lucht mionnaí a thabhairt do ghruaig ar bior;agus chuirfeadh a gcuid aighneas ort do mhéara a chur i do chluasa.
15 Doirteadh fola is críoch le hachrann na ndíomasach;chuirfeadh sé masmas ort éisteacht lena gcuid asachán.
16 An té a sceitheann rúin, scriosann sé muinín,agus ní bhfaighidh sé cara ar a mhian go deo.
17 Bíodh cion agat ar do chara, agus bí dílis dó;ach má sceith tú a rúin, ná rith ina dhiaidh arís.
18 Faoi mar a scriosann fear a naimhde,is mar sin a scrios tú cairdeas do chomharsan.
19 Faoi mar a scaoileann tú éan as do láimh uait,is mar sin a scaoil tú le do chomharsa agus ní bhfaighidh tú greim arís air.
20 Ná bac é a leanúint - tá sé rófhada ó bhaile,agus d'éalaigh sé leis mar eilit ó ghaiste.
21 Óir is féidir ceirín a chur le créacht, agus síocháin a theacht tar éis asacháin,ach níl aon ní i ndán do fhear rúin a sceitheadh.
22 An té a sméideann súil, tá urchóid á beartú aige,agus ní féidir d'aon duine í a chosc air
23 Níl ach mil ar a theanga i do láthair,agus déanann sé iontas de do chuid cainte;ach beidh sé ar mhalairt poirt níos déanaíagus bainfidh sé macalla maslaitheach as do bhriathra féin.
24 Is iomaí rud is fuath liom,ach eisean seach cách;beidh fuath fiú ag an Tiarna dó.
25 An té a chaitheann cloch in airde díreach, is sa mhullach air féin a chaitheann sé í;osclaíonn buille fill créachtaí.
26 An té thochlann clais, titeann sé inti;an té a chuireann gaiste i bhfearas, béarfar air féin ann.
27 Filleann an urchóid ar an té a dhéanann urchóid,agus ní bheidh a fhios aige carb as di.
28 Searbhas agus masla, baineann siad leis an uaibhreach,ach tá díoltas ina luíochán air mar leon.
29 An mhuintir arb lúcháir leo titim na bhfíréan,béarfar orthu sa ghaiste,agus meilfidh pian iad roimh bhás dóibh.
30 Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.