Síorach 5 ABN

Saibhreas

1 Ná bíodh do chroí i do chuid maoine,agus ná habair: “Fágann seo beag beann ar gach duine mé.”

2 Ná géill do do dhrochchlaonta ná do do neart,agus ná déan beart de réir ainmhianta do chroí.

3 Ná habair: “Cén duine a mbeidh údarás aige ormsa?”óir imreoidh an Tiarna díoltas ort go cinnte.

4 Ná habair: “Pheacaigh mé! Ach céard a tharla dom dá dheasca?”mar is foighneach é an Tiarna.

5 Ná bí baothdhochasach i dtaobh an mhaithiúnaissa tslí go ndéanann tú peaca ar pheaca.

6 Ná habair: “Is mór í a thrócaire;maithfidh sé mo pheacaí go léir dom”;óir tá idir thrócaire agus fhearg ag baint leisagus luíonn a chuthach go trom ar na peacaigh.

7 Iompaigh chun an Tiarna gan a thuilleadh moille,ná cuir ar cairde é ó lá go lá;óir tiocfaidh racht feirge ar an Tiarna go tobann,agus díothófar tú go hiomlán lá an díoltais.

8 Ná bíodh do chroí casta agat i maoin choiriúil,óír ní rachaidh sí chun tairbhe duit lá na tubaiste.

Ionracas

9 Ná déan do chaitheadh le gach gaoth,agus ná siúil ar gach casán,(sin é nós an pheacaigh chalaoisigh).

10 Bí seasmhach i do aigne,agus bíodh do bhriathar gan ghuagacht.

11 Tabhair cluas go pras le héisteacht,agus freagair go fadaraíonach.

12 Má thuigeann tú an scéal, tabhair freagra ar do chomharsa;mura dtuigeann, cuir do lámh thar do bhéal.

13 Tagann glóir agus aithis ón gcaint,agus bíonn a theanga ina cheap tuisle ag an duine.

14 Ná bíodh cáil an chúlchainteora ort,agus ná bíodh do theanga ar tinneall mar ghaiste agat;óir bíonn an naire i ndán don ghadaí,agus daorbhreith throm don chalaoiseach.

15 Seachain an t‑ainbheart sa bheag agus sa mhór,agus ná déantar namhaid díot in áit a bheith i do chara;

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51