Síorach 34 ABN

Brionglóidí

1 Leis an daoi a bhaineann dóchas folamh bréagach;cuireann brionglóidí sceitimíní ar ghliogairí.

2 Is cuma muinín a chur i mbrionglóidínó greim a bhreith ar scáileanna nó rith i ndiaidh na gaoithe.

3 Is mar a chéile brionglóid [agus scathán],cosúlacht na gceannaithe os comhair na gceannaithe;

4 Cad a ghlanfar trí mhíghlaine?Cad a fhíorófar trí bhréag?

5 Níl in asarlaíocht, i dtuartha, agus i mbrionglóidí, ach baois,mar speabhraídí mná in íona.

6 Mura seoltar iad mar fhiosrú ón Té is Airde,ná tabhair aird ar bith orthu.

7 Is iomaí duine a mheall brionglóidí,agus theip orthu siúd a chuir a muinín iontu.

8 Comhlíonfar an dlí gan bhréagaireacht,agus is é béal na fírinne a chuireann barr maise ar an eagna.

Taisteal

9 Bíonn a lán ar eolas ag fear mórthaistil,agus labhróidh fear na mórthaithí go ciallmhar.

10 Is beag a bhíonn ar eolas ag an duine gan taithí,ach an té a rinne taisteal bíonn sé ildánach.

11 Is iomaí rud a chonaic mé ar mo chamchuarda,agus fuair mé tuiscint thar mar a fhéadaim a chur i bhfocail.

12 Is minic a bhí mé i mbaol m'anama,ach tháinig mé slán dá mbarr siúd.

13 Mairfidh spiorad lucht eagla an Tiarna,mar tá a ndóchas sa té a fhuasclóidh iad.

14 An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, ní bheidh sé cúthail;ní bheidh drochmhisneach air, mar gurb eisean a dhóchas.

15 Is méanar do mheanma an té ar a bhfuil eagla an Tiarna;cé air a bhfuil sé ag brath? cé is taca dó?

16 Tá súile an Tiarna orthu siúd a thugann grá dó;Is dídean thréan é agus teannta láidir;is fothain é ón ngaoth the agus scáth ó ghrian an mheanlae,is cosaint é ar an mbarrthuisle agus lámh chunta in aghaidh titim.

17 Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile;bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht.

Íobairtí agus an Dlí

18 Muga maga is ea íobairt d'ofráil a fuarthas go héagórach;ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach.

19 Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach,agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí.

20 Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar,íobairt a ofráil as cuid na mbocht.

21 Beagán bia is beatha don bhocht,agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é.

22 An té a bhaineann a shlí bheatha dá chomharsa, maraíonn sé é;an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil.

23 Má thógann duine ach go leagann duine eile,cad a bhíonn dá bharr acu ach a dhua?

24 Má ghuíonn duine ach go mallaíonn duine eile,cén glór lena n‑éistfidh an máistir?

25 Má níonn duine é féin tar éis baint le corpán,ach go mbaineann sé leis arís,cad a bhíonn aige de bharr a ionlaithe?

26 Sé an dála céanna é ag an té a dhéanann troscadh ar son a pheacaí,má imíonn sé agus na peacaí céanna a dhéanamh arís,cé thabharfaidh cluas dá ghuí,agus cad a bheidh aige de bharr a umhlaithe?

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51