1 Ná bíodh naire ort faoi na nithe seo leanas,agus ná déan peaca de bharr aird ar bhreith dhaoine eile:
2 Faoi dhlí an té is Airde agus faoin gconradh;faoi shaorbhreith a thabhairt ar an éagráifeach,
3 Faoi chuntas a choimeád le [comrádaí slí];faoi oidhreacht mhaoine a fhágáil ag cairde;
4 Faoi chruinneas ag meá agus ag tomhas;faoi bheagán nó mórán a ghnóthú;
5 Faoi bhrabús a dhéanamh i gcúrsaí gnó;faoi smacht dian a bheith ar leanaí;faoi dhaor urchóideach a léasadh go doirteadh fola.
6 Is maith é an séala ag plé le drochbhean chéile;agus cuir glas ar do chuid san áit ina mbíonn a lán lámh.
7 Cibé rud a bhíonn á riar agat, déan é de réir uimhreacha agus tomhais;i gcás dáileadh agus cnuasach, coimeád cuntas i scríbhinn.
8 Ná bíodh náire ort faoi cheartú a chur ar dhaoi nó ar amaid,nó ar sheanóir aosta a bhíonn dian ar an aos óg;ansin beidh tú oilte dáiríre,agus beidh meas ort os comhair an tsaoil.
9 Coimeádann an iníon a hathair ina dhúiseacht gan fhios,agus fágann an imní a bhíonn air ina taobh gan codladh é:nuair a bhíonn sí óg, le heagla nach bpósfadh sí,nuair a phósann sí, le heagla go mbeadh fuath di;
10 Fad a bhíonn sí ina maighdean le heagla go dtruailleofaí í,nó go mbeadh sí trom i dteach a hathar;nó nuair a bheadh fear aici nach mbeadh sí dílis,nó nuair a bhíonn sí posta go mbeadh sí seasc.
11 Bíodh faire ghéar agat ar iníon cheanndána,le heagla go ndéanfadh sí ceap magaidh díot ag do naimhde,lán béil an bhaile agus ábhar suainseáin an phobail,agus náire a thabhairt duit os comhair an tsaoil.
12 Ná stán ar aon duine de bharr a scéimhe,agus ná suigh i measc na mban.
13 Má thagann an leamhan as an éadach,tagann urchóid mná ó bhean.
14 Is fearr drochbheart fir ná dea-bheart mná;ó bhean a thagann náire agus aithis.
15 Tabharfaidh mé chun cuimhne anois oibreacha an Tiarna,agus déanfaidh mé cur síos ar a bhfuil feicthe agam.Lena bhriathra a rinne an Tiarna a chuid oibreacha,[agus géilleann gach ní cruthaithe dá thoil].
16 Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh féachann sí anuas ar gach rud;agus tá obair an Tiarna lán dá ghlóir mar an gcéanna.
17 Níor thug an Tiarna cumhacht dá naoimhtuairisc a thabhairt ar na hiontais uilea bhunaigh an Tiarna uilechumhachtach go daingeanchun go seasfadh an chruinne go buan ina ghlóir.
18 Tá doimhneacht an duibheagáin agus croí an duine iniúchta aige,agus tuigeann sé a shlite cama;óir tá gach eolas dá bhfuil ann ag an té is Airde,agus bhreathnaigh sé comharthaí na n‑aoiseanna.
19 Déanann sé na nithe atá thart agus na nithe le teacht a fhoilsiúagus nochtann sé gach ní dá bhfuil faoi cheilt.
20 Níl aon smaoineamh ann a éalaíonn uaidh;agus níl aon fhocal folaithe uaidh.
21 Chuir sé eagar ar éachtaí a chuid eagnaíochta,óir tá sé ann ón tsíoraíocht agus beidh sé ann go brách;ní féidir cur leis ná baint uaidh,ná níl comhairle aon duine de dhíth air.
22 Nach breá iad a chuid oibreacha go léir,agus nach taibhseach iad le feiceáil!
23 Maireann siad uile agus beidh siad ann go brách;is cuma cad a thiteann amach, géilleann siad go léir dó.
24 Tá gach ní ina bpéirí, ceann amháin in aghaidh an chinn eile;ní dhearna sé aon rud lochtach riamh.
25 Cuireann rud le maise ruda eile,agus cé a d'fhéadfadh deireadh dúile a bhaint dá ghlóir go deo.